Health and lifestyle Reading (Higher)

Can you talk about how to keep safe and healthy?

Part of Irish – Learners (CCEA)Local, national, international and global

Reading (Higher)

You read this extract on social media from your friend Micheál. Attempt the questions below.

Léann tú an sliocht seo ar na meáin shóisialta ó do chara Micheál. Freagair na ceisteanna thíos.

Monarcha Trí Thine ar an Ómaigh

Bhí mé ag teacht abhaile ón chlub oíche ar a haon a chlog ar maidin agus chonaic mé solas geal sa spéir. Bhí mé ar mhuin na muice mar bhí an dioscó ar fheabhas. Shiúil mé thart an coirnéal go Sráid an Easpaig agus chonaic mé an mhonarcha mhór éadaí trí thine os mo chomhair amach.

Buíochas mór le Dia, bhí mo ghuthán liom. Chuir mé scairt ar 999 láithreach agus d’iarr mé an bhriogáid dóiteáin. Chuir an bhean a lán ceisteanna orm. Thug mé m’ainm agus an seoladh di. Go tobann, léim fear amach ar an fhuinneog agus thit sé ar an talamh. Bhí sé ag casacht agus bhí a cheann ag cur fola. D’inis mé an scéal don bhean ar an ghuthán agus dúirt sí go raibh an t-otharcharr ar an bhealach. Bhí an fear ina luí ar an talamh gan aithne, gan urlabhra ach tháinig an t-otharcharr go gasta. Rinne siad scrúdú air ar tús agus i ndiaidh tamaill, mhúscail sé. Chuir siad ar shínteán é agus isteach san otharcharr agus d’imigh siad chuig an ospidéal.

Bhí an bhriogáid dóiteáin deich mbomaite ag teacht ach sa deireadh shroich siad an mhonarcha. Rinne siad a lán oibre agus an-iarracht an tine a mhúchadh. Bhí eagla an domhain orm ach bhí siad iontach cróga. Chuaigh na fir agus mná múchta dóiteáin isteach sa mhonarcha ag múchadh na tine. Ghlac sé dhá uair an chloig ach sa deireadh bhí an tine múchta.

De réir dealraimh, chuaigh an fear faoi scian mar bhí a sciathán, uillinn agus a ghualainn briste go dona. Bhí a aghaidh dóite chomh maith. Beidh sé san ospidéal go ceann coicíse ar an drochuair ach ar a laghad tá sé beo.

Are the following statements true or false?

Question

Bhí Micheál ag an chlub oíche aréir.

Question

Chonaic sé timpiste bóthair.

Question

Chonaic sé an tine nuair a bhí sé ar a bhealach abhaile.

Question

Chuir an fear scairt ar na seirbhísí éigeandála.

Question

Tháinig otharcharr agus an bhriogóid dóiteáin.

Question

Bhí an fear gortaithe.

Question

Chuaigh an fear go dtí an t-otharlann.

Question

Níor mhúch siad an tine.

Question

Beidh ar an fhear fanacht san ospidéal.

Can you find the following phrases / sentences in the extract?

Aimsigh na frásaí / habairtí seo a leanas sa bhlag.

Question

I was on the pig's back.

Question

a factory

Question

on fire

Question

bleeding

Question

coughing

Question

on the way

Question

unconscious

Question

stretcher

Question

I was very afraid.

Question

unfortunately

Image caption,
Sa deireadh bhí an tine múchta

Translation

Factory on fire in Omagh

I was coming home from the night club at one o’clock this morning and I saw a bright light in the sky. I was on the pig’s back (delighted) because the disco was excellent. I walked around the corner to Bishop Street and I saw the big clothes factory on fire in front of me.

Thank God, I had my phone with me. I dialled 999. The woman asked me a lot of questions. I gave my name and the address to her. Suddenly, a man jumped out the window and he fell on the ground. He was coughing and his head was bleeding. I told the woman what happened on the phone and she said that an ambulance was on the way. The man was lying on the ground unconscious but the ambulance came quickly. They examined him at first and after a while he woke up. They put him on a stretcher and into the ambulance and they went to the hospital.

The fire brigade took ten minutes to come but in the end they reached the factory. They did a lot of work and made a great effort to put out the fire. I was very afraid but they were very brave. The fire fighters went into the factory to put out the fire. It took two hours but in the end the fire was extinguished.

Apparently, the man had an operation because his arm, elbow and shoulder were badly broken. His face was burnt as well. He will be in hospital for a fortnight, unfortunately, but at least he is alive.